Thosaigh sé ag obair i McNutts. Cha raibh an pá maith – bhí tú ag foghlaim ar feadh 3 mhí agus ag fáil £1 sa tseachtain. Cha raibh dúil aige san obair. Trí scilling le díol sa lá ar an dinnéar a fuair sé. Seanchas ar Shiopa McNutts agus ar theaghlach McNutts iad féin. Thraenáil sé féin ar an tseol. Cur síos beag ar an obair a rinne sé. Chruthaigh siad lear oibre thart ar an cheantar. Bhí 30 ag obair ar na seoltaí le cois oibrithe eile. An t-ábhar a bhí siad ag déanamh – do throscáin, le caitheamh, garbh agus mín. Á chur ar shiúl uilig – go Meiriceá, go dtí an Ghearmáin agus go dtí an Vatican (do throscáin). D’ardaigh an pá de réir a chéile. Ní raibh cead acu ceardchumann a bheith acu. Bhí sé ansin 26 bliain. Tháinig an olann as Galashiels in Albain. | 00:09:25 | |